Leagan fada de "An Scrúdú Cainte.....Craiceáilte", físeán a scríobh na daltaí iad fhéin agus a cuireadh le chéile le cabhair ó TG Lurgan, Gréasán na Meán & Ros na Rún. Is féidir an leagan gearr a fháil ar TG Lurgan.
Rinne sibh imprisean an-mhaith ar chuile dhuine an lá a tháinig sibh siar go Conamara chun é seo a thaifead . Bhí buzz & fuinneamh iontach uaibh agus togha na Gaeilge uaibh i gcaitheamh an ama. Maith sibh, a chairde.