ÉIST SIAR: Sinéad Ní Uallacháin (craoltóir so-aitheanta ar RTÉ RnaG) ag insint scéil 'Gáirdín Mháire na mBláth'
soundcloud.com/forasnagaeilge...
Cá mbeimis gan na beacha?
Cuirimis bláthanna ag fás dóibh!
Tar ar camchuairt scéalaíochta le hÉanna Ní Lamhna (Bitheolaí agus Údar) agus í ag déanamh plé agus cur síos ar bhláthanna, beacha agus pailin ó Ghairdíní Vandeleur i gCill Rois, Co. an Chláir.
'Tháinig na beacha nuair a chonaic siad go raibh plandaí nua ag fás. D’oibrigh siad go crua chomh maith..agus rinneadh pailniú ar na bláthanna beaga.
An bhfuil sibhse ag fás bláthanna ar scoil? Má tá, maith sibh. Tá sé an-tábhachtach bláthanna a chur ag fás do na beacha. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach? Tá mise chun é sin a mhíniú daoibh.
An rud atá i gceist ná nuair a thagann na beacha ar cuairt chuig na bláthanna tá siad ag lorg bia. Sin an fáth a bhfuil siad ann.
Cén saghas bia atá sa bhláth? Tá dhá shaghas. An chéad saghas ná an phailin féin. Bailíonn na beacha an phailin. Cuireann siad an phailin ar a gcosa deiridh. Tá ciseán beag acu ar na cosa seo, agus tógann siad an phailin seo ar ais go dtí an nead chun na beacha óga a chothú. Sin an rud a itheann siad.
Ina dhiaidh seo, b’fhéidir trí nó ceithre seachtaine, tagann na beacha céanna ar ais go dtí an bláth agus bailíonn siad bia dóibh féin.
Cén bia a itheann na beacha móra? An rud a itheann siad ná neachtar. Bailíonn siad an neachtar, tógann siad ar ais go dtí an nead é, déanann siad mil as.
Nuair atá tusa i do bheach agus tá corp mór agat, agus gruaig ar an gcorp, agus tú ag dul ó bhláth go bláth, bíonn go leor pailine ar d’aghaidh, ar do ghruaig, i ngach áit!
Teastaíonn ar na bláthanna pailin ó bhláth eile. Nuair a thagann an phailin seo, ó chorp na beiche déanann sé an bláth a phailniú, agus is féidir leis an mbláth síol a chur.
24 авг 2021