PÓCAÍ FOLAMH IS CLOIGEANN TINN
Amhrán le John Beag Ó Flatharta
Is cuimhin liomsa laethantaí maithe
is mé m' fhear óg i Ros a'Mhíl
nó gur fhágadh mise an baile
go saothróinn airgead le filleadh aríst
Thug mé mo bháidín go barr cladaigh
chuir mé borradh fúthi ar chaon taobh
cheap mé féin nach mbeadh sí i bhfad ann
ach ní bhfeicfidh mé aríst í
Maidin Dómhnaigh i gClapham Common
ó nach bhreá 'bheith dallta aríst
sínte siar anseo le balla
ar phócaí folamh is cloigeann tinn
Tá mo bháidín ar an talamh
i mbarr an chladaigh i Ros a'Mhíl
is mise sinte siar anseo le balla
ar phócaí folamh is cloigeann tinn
Is minic a chuimhním ar an mbaile
is ar m'athair atá ag dhul in aois
ar mo mháithrín atá sách craite
silim deoir is ólaim braon
Cuirim mo mhallacht ar an aistear
ó Chamden Town go Ros a'Mhíl
dá mbeadh breith agam ar m'aiféal
ní fhágfainn an baile go deo aríst
Maidin Dómhnaigh i gClapham Common
ó nach bhreá 'bheith dalta aríst
sínte siar anseo le balla
ar phócaí folamh is cloigeann tinn
Tá mo bháidín ar an talamh
i mbarr an chladaigh i Ros a'Mhíl
is mise sínte siar anseo le balla
ar phócaí folamh is cloigeann tinn
Tá mo shaolsa beagnach caite
curtha amú le deoch is bruíon
oícheanntaí sínte ar bhinsí páirce
oícheanntaí sínta siar sa draoib
ó nár bhreá a bheith thiar sa mbaile
i bhfad ó anachain Sheán Bhuí
lá ar an bportach is lá sa gcladach
mar tá na flaithis i Ros a'Mhíl
Maidin Dómhnaigh i gClapham Common
ó nach bhreá 'bheith dalta aríst
sínte siar anseo le balla
ar phocaí follamh is cloigeann tinn
Tá mo bháidín ar an talamh
ar bharr an chladaigh i Ros a'Mhíl
is mise sinte siar anseo le balla
ar phocaí folamh is cloigeann tinn
28 мар 2013