SEO LINN OFFICIAL MERCHANDISE 👉 www.seolinn.co...
Taifeadta sa mbaile ag Seo Linn le linn na bliana craiceáilte 2020.
F.A.C.T. (Físeáin, Aistriúchán, Ceol agus Taifead): Seo Linn
LIRICÍ
D’aghaidh… dom’ bhriseadh aríst
Ag múscailt ‘dubh ‘s geal’ an tseala seo
Ag breith ar mo chroí
D’anam… mar leabhar im lámh
‘s dhá mhéad a imíonn chuile threo óm shúile
‘sea is cinnte mo chás
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo siar mé
Is liomsa mo shaol
Ar aghaidh, ag trasnú tonn
An ghaoth leis an bhfuinneog ag tochailt ar mo chinn
chuig - caite ‘s lom
Ná tarraing siar mé - mé ag treabhadh liom
‘Se in am a’am casadh aríst,
Ar an mbóthar atá romham
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo siar mé
Is liomsa mo shaol
Is ón oíche a thagann soilsiú ‘n lae
Bhí mé chomh tuirseach inné
Anois is eol dom mo bhealach
Ach teastaíonn tú
Níl mé chomh láidir liom féin
Ní choinneoidh an cath seo gan mé
Is liomsa mo shaol
18 сен 2024