Clióna Mc Donald & Seán Lonergan in éindí le damhsóirí & cór chúrsa D.
Abair liom a stóir
‘Bhfuil tú sásta insan domhan seo?
A’ dteastaíonn níos mó?
A’ cuartú bealach briseadh as an nós
Mé, ar tí
Is ann ag tús lae, a bhíonn an dúil seo
A’ forbairt, go réidh
Ach insan anchaoi, a bhím i léig
Abair liom a chroí
‘Bhfuil tú bréan den iarracht teacht ar shlí….
A’ dteastaíonn níos mó?
Deacracht ann gan imeacht leat thar fóir
Mé, ar tí
Is ann ag tús lae, a bhíonn an dúil se
A’ forbairt, go réidh
Is insan anchaoi, a bhím i léig
Mé as an taobh domhain, urchar an daill ann
Gan theacht aníos ó m’fhonn
Ar ais linn don tús gan bhrí is gan chúis glan
Ní raibh againn ach seal gearr ann,
Insan seal gearr, seal gearr,
Insan seal gearr, seal gearr
Ní raibh againn ach seal gearr ann
Instagram: www.instagram.....
Twitter: tg...
Facebook: / tglurgan
Website: lurgan.biz/
6 сен 2024