D’fhorbair Údarás na Gaeltachta an straitéis fiontair shóisialta seo don Ghaeltacht, le tacaíocht ó Method Consultants, ar speisialtóirí san fhorbairt fiontar sóisialta iad.
Is é Údarás na Gaeltachta an Ghníomhaireacht Forbartha Stáit a bhfuil freagracht uirthi as forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha réigiúin Ghaeltachta na hÉireann.
Is é cuspóir foriomlán Údarás na Gaeltachta a chinntiú go mbíonn an Ghaeilge ar an bpríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht agus go dtabharfar í ar aghaidh do na glúnta atá le teacht.
Féachann an tÚdarás leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí raon leathan tionscnamh a bhfuil mar aidhm leo fiontair a fhorbairt agus poist a chruthú a mhaoiniú agus a chothú agus trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobalbhunaithe.
#Údarás #UnaG #Gaeltacht #SeoÍAnGhaeltacht
2 окт 2024